Léargas ar chultúr & oidhreacht Ghaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe. Siúlóid cultúrtha thart ar Ghaeltacht Mhionlaigh le Pádhraic Ó Fathaigh. Léamh drámata ó shaothar Thomáis Laighléis leis an aisteoir Eoin Mac Diarmada agus neart ceol, amhránaíocht idir ghlúine ar an láthair le oíche airneáin i dteachín ceann tuí.
Beidh na himeachtaí ag tosnú ag Scoil Bhride H91 YD63 agus beidh an oíche airneáin ar siúl teachín ceann tuí, Mionlach H91 RX2T.
Tá fáilte roimh chách!