

- Offline
Description:
Súil le Muir is ainm don ócáid, toisc go bhfuil sé dírithe ar cheann dosna sean stáisiún cósta (ar Cheann Bhólais) a tógadh timpeall ar 1805 nuair a bhí eagla ar Rialtas Shasana go dtiocfadh fórsaí Napoleon go hÉirinn. Tá radharc leathan ar an bhfarraige, agus ar an gcósta ó thuaidh is ó dheas. Beidh tionól in aice an stáisúin, le ceol, agus amhráin bunaithe ar stair, scéalta agus amhráin na linne sin, chomh maith le cur síos ar stair an fhoirgnimh. Beidh Garda Cósta na hÉireann páirteach, agus scaoilfear tóirsí eolais (signal flares) ó stáisiún Cheann Bhóluis agus stáisiún Cheann Muice ar an dtaobh eile de Bhá na Scealg.
Teacht le chéile i sráid bhaile Chill Rialaig nó i nDuichealla/Meeting points: Cill Rialaig village or Duichealla
Beidh Plean B muna bhfuil an aimsir oiriúnach.
Tabhair faoi deara go mbeidh an ócáid seo ar siúl ó 11.00r.n. go 5.00i.n (Beidh na shuttle busanna ag bailiú daoine ó 11.00r.n.)
Barr Cheann Bólais, Bolus Head - teacht le chéile i sráid bhaile Chill Rialaig nó i nDuichealla, meeting points: Cill Rialaig village or Duichealla