You do not have the proper permissions to view this form
Scéalaíocht agus Caoladóireacht: le hEoghan Ó Curraighín


- Offline
Description:
Tá clú agus cáil ar Eoghan Ó Curraighín (Teileann) mar scéalaí. Is iomaí uair a bhuaigh sé comórtas scéalaíochta an Oireachtais, agus tá sé aitheanta go forleathan mar shaineolaí ar an stair áitiúil, dinnseanchas, agus an teanga labhartha. Ní hamháin gur máistir é ar cheird na scéalaíochta, ach ar an chaoladóireacht chomh maith. Is ceird é seo a fuair Eoghan óna athair, déanann sé ciseáin, cléibh, bascaeid agus crosa Naomh Bríde traidisiúnta, in éineacht le píosaí ealaíne eile.Ar Oíche Chultúir, déanfaidh sé taispeántas caoladóireachta, ag míniú conas a dhéantar ciseán traidisiúnta. Agus é ag tabhairt faoi seo, pléifidh sé foclóir, eolas ó bhéal, scéalaíocht agus pisreoga a bhaineann leis an cheird agus na hábhair a bhíonn in úsáid (slat sailí, in éineacht le hábhair eile). Beidh seans ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur air, agus lámh a chur le ciseán a dhéanamh.
Foras Cultúir Uladh, Gleann Choml Cille, Co. Dhún na nGall. F94R94W