Kildare - Maynooth

Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad

Agallamh, Amhráin agus Ceol le Muireann Nic Amhlaoibh

Online

Beidh Muireann Nic Amhlaoibh, banríon na n-amhrán agus na bhfeadóg, linn d’oíche speisialta chuileachtan ar líne á cur i láthair ag an Ollamh Tríona Ní Shíocháin.

Tá Muireann Nic Amhlaoibh ar dhuine d’amhránaithe agus de cheoltóirí móra Chorca Dhuibhne agus is minic le clos í ar RnaG, RTÉ, TG4, agus BBC Alba.

Ina teannta don oíche seo beidh Tríona Ní Shíocháin, Sailí Ní Dhroighneáin, Nada Ní Chuirrín, agus Máire Ní Churraoin ó Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

Bainfear macalla as an seomra fíorúil seo le geabaireacht agus le ceol! Fáilte roimh chách ach is gá clárú roimré ag [email protected]

Time: 7.30pm - 9pm

Genres: An tOireachtas / Dance / Music / Performance / Talk

Features: Gaeilge

Website: http://www.maynoothuniversity.ie/nua-ghaeilge-modern-irish

Phone: 01 708 3666

Book Now

Link to Access Coming Soon

More on this Venue:

Ceardlann Amhránaíochta le Muireann Nic Amhlaoibh

Online

Bígí linn do cheardlann amhránaíochta ar líne do dhaoine fásta le Muireann Nic Amhlaoibh ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne.

Amhránaí, ceoltóir, agus craoltóir is ea Muireann go bhfuil a cáil roimpi ar fuaid an domhain. Is mó gradam a bronnadh uirthi ina saol proifisiúnta, mar shampla Amhránaí na Bliana ag Gradam Ceoil TG4 2011 agus Rian Traidisiúnta na Bliana ag Gradaim Cheoil Tíre RTÉ 2018.

Seo deis iontach chun foghlaim ó bhanríon na n-amhrán. Fáilte roimh chách, ach is gá clárú roimré [email protected]  mar tá spásanna teoranta.

Time: 4pm - 5.30pm

Genres: An tOireachtas / Language / Music / Performance

Features: Gaeilge

Website: http://www.maynoothuniversity.ie/nua-ghaeilge-modern-irish

Phone: 01 708 3666

Book Now

Link to Access Coming Soon