You do not have the proper permissions to view this form

Oíche Amhránaíochta, Cheoil agus Scéalaíochta trí Ghaeilge

Oidhreacht an Chláir
20:00 - 22:00
No Booking Required
All Ages

Description:

Seo seans do phobal an cheantair léargas nua a fháil ar oidhreacht shaibhir amhránaíochta Ghaeilge an Chláir, atá ligthe i ndearmad beagnach go hiomlán, trí amhráin Ghaeilge (idir shean agus nua) a bhaineann le hIarthar an Chláir a chlos don chéad uair le fada. De bhun taighde atá déanta aige le tamall, faoi thogra atá maoinithe ag Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) agus Oifig Ealaíon an Chláir, tá os cionn 100 amhrán as Gaeilge ó Cho. an Chláir aimsithe ag Diarmuid de Faoite. Casfar rogha maith díobh sin ar an oíche, cuid mhaith le tionlacan, seinnfear ceol, agus inseofar scéalta a bhaineann leo agus leis an gceantar. Is iad Diarmuid de Faoite féin, in éindí le triúr amhránaithe agus ceoltóirí den scoth - Therese McInerney, Edel Vaughan agus Emer O Flaherty - a bheidh i mbun na hoíche fíorspeisialta seo.

Le tacaíocht ó An tOireachtas

Gaeilge

Genres:

Full Address: Flag Road, Leagard North, County Clare, Ireland
Scroll to Top
Skip to content