Nenagh - Tipperary

nDún Mhuire, An tAonach, Co. Thiobraid Árann

Oíche Chultúir i nDún Mhuire, An tAonach, Co. Thiobraid Árann.

Oíche Chultúir i nDún Mhuire, An tAonach, Co. Thiobraid Árann.

Beidh Oíche Chultúir ar siúl i nDún Mhuire, An tAonach ar 8.00 pm an 20 Meán Fómhair le hamhráin agus ceol.
Ar chlár na hoíche beidh buaiteoirí ‘Réalta agus Gaolta 2019’ ar TG4 le déanaí –
Étain agus Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, Co. na Mí.
Tá na cailiní seo  ag canadh ó bhíodar  an-óg ach níor thosaíodar ag canadh le chéile go dtí  roinnt  blianta ó shin. Agus tá banna ceoil darb ainm ‘An Chéad Ghlúin Eile.’ acu freisin. Tá comórtaisí buaite acu ag Féile na Mí agus Oireachtas na Gaeilge agus
chanadar ag Fleadh TV anuraidh chomh maith.
Comórtas a bhí sa chlár “Réalta ague Gaolta “ a lean ar feadh tréimhse ar TG4.   Bhí  meascán d’amhránaithe, ceoltóirí, agus rinceoirí ag iomaíocht  don phríomh duais ach  b’iad Étáin agus Máire a bhain an chraobh.

Ceoltóirí Óga
Cuirfimid fáilte chomh maith roimh bhaill de Chomhaltas Ormond san Aonach ag seinnt ceoil ar an Oíche Chultúir seo.
Tá an-chleachtadh acu ón samhradh ó bheith ag freastail ar ranganna agus seisiúin fud fad na tíre.
Liz Gaughan Quinn a rugadh i Leeds atá mar mhúinteoir acu agus mar cheiliúradh ar 50 Bliain den Chomhaltas beidh 90 ball óg ón Aonach ag ceiliúradh i Leeds  go luath.   Tá sceitimíní orthu cheana féin!

Time: 8pm - 8pm

Genres: Music / Performance

Features: Family friendly / Gaeilge / Wheelchair accessible

Address: Pearse St, Nenagh North, Nenagh, Co. Tipperary

Phone: 086 8162457

Book Now