Beidh ealaíontóir ó Turas ÚR i gceannas ar cheardlann líníochta ina bhfoghlaimeoidh na rannpháirtithe teicnící líníochta ag úsáid gualach líníochta, dúch, agus peann luaidhe. Beidh téama na hoibre á spreagadh ón timpeallacht agus ag ó shuíomhanna áitiúla sa Ghaeltacht. Roimh an imeacht, baileoidh ealaíontóirí íomhánna ón cheantar chun iad a scrúdú agus a léiriú ar an oíche. Cruthóidh na rannpháirtithe go léir líníocht ollmhór. Le linn an phróisis spreagfar na rannpháirtithe chun oibriú le chéile, ag cabhrú lena chéile píosa ealaíne leanúnach amháin a chruthú. Beidh an saothar ar taispeáint ansin sa tSean Bheairic chun ceiliúradh a dhéanamh ar.
Tá fáilte roimh achan duine den phobal, idir theaghlaigh agus dhaoine aonair, a bhfuil spéis acu i líníocht agus a bhfuil spéis acu i dtírdhreach na Gaeltachta.
Beidh an saothar ar taispeáint sa tSean Bheairic agus beidh sé ar fáil don phobal áitiúil agus do chuairteoirí go dtí an ceantar. Déanfar an obair a phoibliú freisin ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh Gréasáin Turas Úr.