You do not have the proper permissions to view this form

Mea-Ghabhair

Pleanáil Teanga Chonamara Láir
18:30 - 20:30
No Booking Required
All Ages

Description:

Beidh Pleanáil Teanga Chonamara Lair I gcomhar le Ealaín na Gaeltachta ag seoladh dán fisiúil atá bunaithe ar shaothar Éamon De Buitléar faoi stiúir an fhile aitheanta Jackie Mac Donncha ar Oíche Cultúr 2023. Is le comhmhaoiniú ó Scéim Forbartha na nEalaíona agus le Pleanáil Teanga Chonamara Láir a d'oibrigh Jackie go dlúth le foireann chartlann Acadamh na hOllscolaíocht i gCarna, chomh maith le ealaiontóirí, daoine aitheanta i saol Éamon De Buitléar, an pobal agus leis an comhlucht Oileán I.T. chun an dán fisiúil seo 'Mea Ghabhair' a chuir i gerich. Tá súil againn go mbeidh duine muinteartha do chlann Éamon De Buitléar linn chun an dán a sheoladh ar an oíche (fós le deimhniú). Déanfar an t-ócáid a thaifeadadh agus a roinnt ar na meáin shóisialta ar an tráthnóna. Beidh ceol le cloisteáil ó cheoltóirí áitiúla agus le Comhaltas Charna ina bhfuil athbheochan déanta acu ar an mbrainse áitiúil le gairid. Is nascadh atá anseo ar saibhreas oidhreachta leis na meáin digiteach agus le réimsí eile ealaíona. Is cinnte go bhfuil samhlaíocht cruthaitheach le feiceáil agus le cloisteáil in sa dán fisiúl 'Mea-Ghabhair' agus go mbeidh eispéireas faoi leith ag an lucht féachanna/éisteachta ar an oiche agus sna blianta atá le theacht.

ParkingASD friendlyFamily friendlyGaeilgeWheelchair accessible

Genres:

Full Address: Rusheennamanagh, County Galway, Ireland
Scroll to Top