An Ghaeltacht

Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille

Oíche Chultúir sa Ghleann

Offline

Beidh sraith d’imeachtaí a eagrú i nGleann Cholm Cille leis an Oíche Chultúir a cheiliúradh i mbliana ó leanbh go liath.

I gcás na ndaoine óga, táimid chun imeacht a eagrú sa luath-thráthnóna le go mbeidh na páistí réamhscoile páirteach san oíche chultúir. Don dream aois 3-6 beidh seisiúin scéalaíochta agus ceardlann ealaíne sa Halla Muire. Do na páistí bunscoile níos sine táimid chun ceardlanna ealaíne a eagrú leo sa choicís ag tús mí Mheán Fómhair le go mbeidh ábhar taispeántais acu le cur ar taispeáint sa Halla Muire agus ag an Chlachan.

Beidh an taispeántas sa Halla Muire oscailte ó 16:00-20:00 agus beidh an ábhar sa Chlachán ar taispeáint le linn an imeacht oíche ansin.

Beidh oíche airneáil agus taispeántais ceardaíochta ag tosach sa Chlachán ag 20:00. Beidh ceol beo ó cheoltóirí agus amhránaithe áitiúil, chomh maith le taispeántais fíodóireachta, cniotáil, cróiseáil, déantús eangacha. Cuirfear stobhach agus tae ar fáil don lucht féachana, agus beidh deis ag teaghlaigh agus daoine óga foghlaim faoi na sean ceirdeanna agus triail a bhaint astu.

Time: 4pm - 6pm

Time: 6pm - 8pm

Time: 8pm - 10pm

Genres: An Ghaeltacht / Dance / Heritage / History / Language / Music / Performance / Storytelling / Visuals / Workshop

Features: Family friendly / Gaeilge / Wheelchair accessible

Website: http://www.lcpg.ie

Phone: (083)025 0509

No Booking Required