An Ghaeltacht

An tSeanbheairic

Lá agus oíche Ilchultúrtha sa tSean Bheairic

Offline

Lá agus oíche Ilchultúrtha sa tSean Bheairic

Lá agus oíche ilchultúrtha ilghnéitheach sa tSean Bheairic, le ceol, ealaín rannpháirteach agus taispeántas ar an cheardaíocht thraidisiúnta. Ón 11 ar maidin go dtí 3in beidh Ownie Ó Duibhir as Cill Ulta ag déanamh cliabh traidisiúnta taobh amuigh den fhoirgneamh agus beidh sé ábalta comhairle a chur ar an té a bhfuil suim aige an cheird chéanna a fhéacháil. Lena chois sin, ón 5in ar aghaidh déanfaidh ealaíontóirí áitiúla, Leanne McLaughlin agus Eve Li, píosa ealaíne ilchultúrtha a stiúradh i halla mór na Sean Bheairice agus beidh daoine aonaracha agus teaghlaigh ábalta theacht isteach leo féin le cur le Mandala a léiríonn cultúir éagsúla na ndaoine uilig atá ina gcónaí sa cheantar. Is ó chultúir na hÁise a thig an Mandala ach go dtig cur leis an dearadh, ag tarraingt ar chultúir eile. Tá cosúlachtaí idir an Mandala agus ealaín na gCeilteach. Iarrtar ar dhaoine spásanna a chur in áirithe roimh ré le páirt a ghlacadh sa cheardlann Mandala. Coinneoidh ceoltóirí áitiúla, siamsa ceolmhar rithimiúil linn agus muid ag baint suilt as imeachtaí an lae. Beidh scaradh sóisialta á dhéanamh agus iarrfar ar rannpháirtithe mascanna a chaitheamh. Tuilleadh eolas ag antseanbheairic10@yahoo.ie agus 0749180888.

Time: 8pm - 9:30pm

Genres: An Ghaeltacht / Heritage / History / Music / Storytelling / Talk / Workshop

Facilities: Bar / Café

Features: Family friendly / Gaeilge / Wheelchair accessible

Address: An Fál Carrach

Website: http://www.antseanbheairic.com

Phone: 0749180888

Book Now