You do not have the proper permissions to view this form
Gaeltacht na Todhchaí


- Offline
Description:
Gaeltacht na Todhchaí le Fíbín sa Taibhdhearc
Tagaigí ar thuras tríd Sráid Láir na Gaillimhe agus amach go Conamara, chun blaiseadh a fháil de Ghaeltacht na Todhchaí. Cuirfidh Fíbín sa Taibhdhearc an Ghaeltacht os comhair an phobail mar shamhlaítear í sa todhchaí; lán de bheocht agus i measc pobail ilchultúrtha. Oíche le ceol, drámaíocht, ealaín, teicneolaíocht agus neart eile .
9.i.n, An tSráid Lár, Gaillimh
Beidh taispeántas ceoil agus ealaíona ar siúl i nGaeltacht Chonamara freisin.
*Oíche Chultúir i gConamara: 'Snámh breá fada', mar chuid de 'Ghaeltacht na Todhchaí le Fíbín sa Taibhdhearc
Beidh Fíbín sa Taibhdhearc ag tabhairt amach taispeántas gearr ó ' Ghaeltacht na Todhchaí', mórléiriú a bhéas ar siúl ar Shráid Láir na Gaillimhe, ar Oíche Chultúir 2023. Beidh deis ag pobal Chonamara blaiseadh a fháil den mhórléiriú a bheás ar siúl san oíche.
Is píosa rince aerga é 'Snámh breá fada' leis an ealaíontóir agus damhsóir, Freddy Burrows. Beidh sé ag déanamh comhoibriú le ceoltóir áitiúil, chun píosa damhsa corraitheach a chur os comhair an phobail, óna 1pm ag Ceannáras Fíbín, An Tulach.
Am: 1pm
Fad: Taispeántas 15 nóim
Ionad: Carrchlós Fíbín, An Tulach.
*Cleachtadh de An Triail oscailte i Scoil na Tulaigh
Beidh fáilte roimh an phobal bualadh isteach chuig halla na Tulaigh chun Fíbín a fheiceáil i mbun cleachtaidh don dráma aitheanta An Triail, a bhéas ag dul ar chamchuairt i mí Deireadh Fómhair. Bí i lár an aonaigh agus faigh blaiseadh de Fíbín i mbun oibre. Tá fáilte a bheith fiosrach!
Oscailte ó 2pm-4pm.
Halla na Tulaigh
19 An tSráid Láir, Gaillimh, H91 E2V3 & Ceann Áras Fibín - Conamara