Galway

Gaeilge Locha Riach

Caint Phoiblí - Tawin / Tamhain

Online

Ar chuala tú riamh faoi Thamhain? An tOileán amach ó Mhearaí le droichead isteach ann agus é díreach ar aghaidh Chathair na Gaillimhe? Bhíodh bunscoil ann.

Ba Ghaeltacht láidir a bhí ann ag tús an 20ú haois agus tá go leor staire ag baint leis.

Sheas muintir Thamhain go láidir ar son na Gaeilge agus an Ghaeloideachais.

Bhí Coláiste Samhraidh ann freisin chun agus ba é Éamon De Valera a bhí mar phríomhoide ann.  Bhí drogall air glacadh leis an bpost i dtosach báire, toisc nár cheap sé go raibh a chuid Gaeilge maith go leor! Tháinig Roger Casement ar cuairt chuige ansin freisin.

Bhí sé uaigneach ann freisin, agus scríobh sé go leor litreacha chuig a bhean, Sinéad agus é ag obair ann. An chéad ‘Love Island’, b’fhéidir?

Beidh caint leis an TD Éamon Ó Cúiv faoin stair agus an tuiscint atá aige ar an gceantar mar chuid den oíche chultúir. Bígí linn le níos mó a chloisteáil!

Caint i nGaeilge amháin. Más spéis leat a bheith linn, seol ephost chuig gaeilgeom@gmail.com

Time: 7pm - 8pm

Genres: An Ghaeltacht / An tOireachtas / Heritage / History / Language

Features: Family friendly / Gaeilge

Phone: 087-9524744

Book Now

Link to Access Coming Soon