***Beidh an imeacht seo ar siúl óna 2-4in.
Scoraíocht le ceol, amhránaíocht, rince agus filíocht ó Ghaeltacht Mhúscraí a bheidh ar siúl in Ionad Lae, Baile Mhúirne. Chomh maith le sin, beidh gearrscannán á sheoladh a thugann guthanna seanóirí Mhúscraí le chéile trí fhilíocht, ceol agus amhránaíocht na Gaelainne.