Mar chuid den ceiliúradh a bheas ar Oíche Chultúir beidh dhá imeacht ar siúl thiar i gCeantair na nOiléan. Beidh oíche siamsaíochta ag an ócáid ‘Cruinniú Ceoil Idir Ghlúine, cruinniú ceoil idir ghlúine le ceol uirlíse, amhránaíocht agus damhsa ag tarlú sa gClúid in oifigí Mhuintearas i dTír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe. Beidh idir óg agus sean ag casadh ceoil ó 7:30 – 8:30i.n. ar an oíche. Beidh ceol ann le gasúir agus daoine óga atá ag freastal ar ranganna ceoil le Cuisle, clár sna hEalaíona Dúchasacha don Óige i dteannta cuid de na teagascóirí a bhíonn leo san ranganna in éindí le ceoltóirí/ealaíontóirí as an gceantar.
Beidh soláistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách!
Freisin, ag leanacht leis an téama céanna, beidh ócáid eile ar siúl le ceol agus siamsaíocht i dTí Phlunkett ag 09:30 i.n. le ceoltóírí áitiúla atá oscailte do gach duine atá os cionn 18 mbliana d’aois. Tá fáilte roimh amhránaithe agus ceoltóirí a bheith páirteach. Ceol Traidisiúnta, amhránaíocht ar an Sean nós agus damhsa ar an oíche. Fáilte roimh chách!