Down - Newry

Craobh an Iúir

Ócáid Ómóis - Jackie Hearst

Offline

Le linn Ré na gCéilithe, bhíodh clú ar an Jackie Hearst International Céilí Band ar fud na hÉireann agus sa Bhreatain. D’eisigh Glenside ceirniní dá gcuid. Ba pháiste sárthréitheach Jackie é féin a bhí ar an ardán lena phianóchairdín ollmhór ó aois a 7.

Déanfar saol agus ceol draíochta Jackie a cheilúradh. Beidh scéal a bheatha á ríomh agus ceol beo á thionlacán. Tabharfar ar ais thú chuig na 1960í – chuig na bannaí céilí eile fosta a raibh rachairt orthu ag an am.  Críochnófar an oíche le seisiún le ceoltóirí áitiúla agus aoi-cheoltóir nó beirt.

Time: 9pm - 11:30pm

Genres: An tOireachtas / Heritage / Language / Music / Talk / Tour

Facilities: Bar / Café

Features: Family friendly / Gaeilge / Wheelchair accessible

Address: Beár an Iarnróid, 79-81 Sráid Mhuineacháin

Website: http://www.facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail-1716280898590069/

No Booking Required