You do not have the proper permissions to view this form

Ceol agus Comhluadar

Líonra Leitir Ceanainn
19:30 - 22:00
No Booking Required
All Ages

Description:

Imeacht galánta neamhfhoirmiúil a bheidh againn don Oíche Chultúir agus beidh fearadh na fáilte romhat bualadh isteach chuig oifig Líonra Leitir Ceanainn anseo i lár an bhaile ar feadh tamaillín nó don tráthnóna iomlán! Beidh ceoltóirí áitiúla linn don imeacht chun ceol a sheinm agus amhráin a chanadh. Beidh fáilte roimh rannpháirtithe gléasanna ceoil a thabhairt isteach leo fosta nó amhráin i nGaeilge a chanadh.Beidh sólaistí deasa againn, cupán tae nó caife nó fiú gloine fíona! Beidh deis agat bualadh le daoine eile, comhrá a bheith agat, tuilleadh a fhoghlaim faoi obair Líonra Leitir Ceanainn agus sult a bhaint as an chraic agus as an chomhluadar!

Le tacaíocht ó An tOireachtas

Gaeilge

Genres:

Full Address: Líonra Leitir Ceanainn, Castle Street, Letterkenny, County Donegal, Ireland
Scroll to Top
Skip to content