Ceardlanna sean-nóis leis an amhránaí Lasairfhíona Ní Chonaola. Ar mhaith leat cuir le do stór amhrán? Acmhainn luachmhar agus speisialta atá in amhráin thraidisiúnta Oileáin Árann agus Chonamara agus beidh deis ag daoine amhrán nó dhó a fhoghlaim le linn Oíche Chultúir na bliana seo. Beidh sé ag tosnú ag leath uair tar éis a trí.
Is féidir clárú chomh maith agus tá fáilte roimh chách ar an lá.
Tabhair faoi deara go mbeidh na ceardlanna ag tosnú roimh a 4!
Tosaitheoirí: 3:30 i.n.
Ardleibhéil: 4:30 i.n.