Beidh scoth na gceoltóirí ar stáitse ó chuile chearn den tír ag déanamh ceiliúrtha ar oidhreacht agus ar chultúr gaelach na hÉireann. Beidh Étáin agus Máire Ní Churraoin (An Chéad Ghlúin Eile), Caoimhe Ní Fhlatharta, Séamus Ó Flatharta, Jack Warnock, Piaras Ó Lorcáin agus aoi-speisialta Síle Denvir ag ceol ar an oíche. Is imeacht saor é seo ach is gá clárú roimh ré ar www.rathchairn.com.
Beidh sé ar siúl sa mBradán Feasa. Cláraigh don cheolchoirm ag www.rathchairn.com.