Galway - Galway City

An Taibhdhearc

'An tSaothraí', leagan Gaeilge den bhunscannán 'The Breadwinner'

Ón Stiúrthóir Nora Twomey agus stiúideo beochana Cartoon Saloon (a chruthaigh Amhrán na Mara agus Rún Cheannanais Mhóir). Insíonn An tSaothraí scéal Parvana, cailín óg 11 bliain d’aois atá ag fás aníos faoin Taliban san Afganastáin in 2001. Nuair a ghabhtar a hathair in éagóir, cuireann Parvana cruth buachalla uirthi féin le tacú lena teaghlach. Le buanseasmhacht neamheaglach, agus Parvana ag baint neart as na scéalta a d’inis a hathair di, ar deireadh cuireann sí a beatha féin i gcontúirt le fáil amach an bhfuil sé fós beo. Scéal corraitheach agus draíochtach é, is scéal tráthúil agus spreagúil é faoi chumhacht tharchéimnitheach na scéalta, agus a gcumas le muid a aontú le chéile agus a leigheas.’  12+ agus caithfear suíocháin a chur in áirithe roimh ré.

Time: 7pm - 8.30pm

Genres: Film

Features: Family friendly / Gaeilge

Address: 19 Middle St, Galway, H91 RX76

Website: http://www.antaibhdhearc.com

Phone: (091) 562 024

Book Now