CÚPLA FOCAL OR JUST CURIOUS? CULTURE NIGHT INVITES EVERYONE TO EXPERIENCE THE IRISH LANGUAGE THIS SEPTEMBER

CÚPLA FOCAL NÓ DÍREACH FIOSRACH? TÁ FÁILTE ROIMH GACH DUINE CHUIG OÍCHE CHULTÚIR CHUN BLAISEADH A FHÁIL DEN GHAEILGE AN MEÁN FÓMHAIR SEO
Cuireann Oíche Chultúir 2026 réimse leathan bealaí ar fáil chun blaiseadh a fháil den Ghaeilge agus den chultúr, lena n-áirítear ceol beo, scéalaíocht, litríocht, amharclannaíocht, sean-nós, agus mór-cheiliúradh ar thránna Ghaeltachta na hÉireann, atá oiriúnach do gach leibhéal teanga
Baile Átha Cliath, an 31 Lúnasa: Cibé acu a labhraíonn tú Gaeilge gach lá, is cuimhin leat cúpla focal ón scoil, nó más mian leat blaiseadh a fháil den teanga ar bhealach úrnua, tugtar cuireadh do gach duine páirt a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge ag Oíche Chultúir 2026 trí cheol, scéalta, taibhiú agus ceiliúradh.
Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair, beidh clár bríomhar imeachtaí Gaeilge agus cultúrtha Éireannacha ar siúl i bpobail ar fud na tíre, a thabharfaidh deis do lucht féachana agus éisteachta blaiseadh a fháil den teanga i suíomhanna réchúiseacha, fáilteacha agus siamsúla.
Níl aon ghá a bheith i do chainteoir líofa. Ina áit sin, is féidir le lucht féachana agus éisteachta anam na Gaeilge a chloisteáil trí amhránaíocht agus scéalaíocht, taitneamh a bhaint as ceol traidisiúnta agus comhaimseartha, suim a chur i litríocht agus amharclannaíocht na Gaeilge, nó an t-atmaisféar a bhrath in éineacht le do chairde agus do theaghlach.
Ar chlár na bliana seo tá gach rud idir oícheanta cluthara filíochta agus ceoil, agus ceiliúradh uaillmhianach ar fud chósta Ghaeltacht na hÉireann.
Dúirt Máire Ní Churraoin, Ambasadóir na Gaeilge d’Oíche Chultúir:
“Is linne uile an Ghaeilge, agus is deis iontach í Oíche Chultúir chun blaiseadh a fháil den teanga gan a bheith buartha faoin oiread Gaeilge atá agat. B’fhéidir go dtiocfá ar mhaithe leis an gceol, na scéalta, an damhsa nó díreach ar mhaithe le hoíche iontach amuigh, agus go gcothófá ceangal leis an nGaeilge ar bhealach iomlán nua. Mholfainn go háirithe do dhaoine nár labhair Gaeilge le blianta teacht, nó iad siúd atá fiosrach faoin teanga. Tá áit ann do chách.”
Lé déanaí, dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD:
“Croí Oíche Chultúir ná blaiseadh de shaol cultúrtha na hÉireann a thabhairt agus deis a thabhairt do gach duine páirt a ghlacadh ann. Is cuid riachtanach den chultúr sin í an Ghaeilge, agus léiríonn clár na bliana seo an chruthaitheacht, an fuinneamh agus an taitneamh iontach a bhaineann leis an teanga. Cibé acu an cainteoir líofa iad, tá cúpla focal Gaeilge acu nó nach bhfuil aon chur amach acu an teanga, tá súil agam go mbraithfidís go mbeidh fáilte rompu teacht, páirt a ghlacadh agus blaiseadh a fháil de na himeachtaí seo iad féin.”
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl ar Oíche Chultúir 2026, tá:
- Spleodar in Óir: Oíche Cheol, Amhránaíochta agus Litrríochta – Contae an Chláir
Oíche cheoil, amhránaíochta agus litríochta á cur i láthair ag triúir ealaíontóirí: an t-amhránaí agus an ceoltóir Pádraig Ó Cléirigh; an cnaguirliseoir aitheanta Shearie Fean; agus an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a bheidh ina léitheoir, aithriseoir agus fhear an tí. Oíche mhór thaitneamhach a bheidh i gceist ina mbeidh an lucht féachana páirteach ann, toisc go gcuirfear cóipeanna de churfánna na n-amhrán ar fáil dóibh le go gcanfaidh siad in éindí leis na ceoltóirí.
- Oíche Litríochta agus Cheoil – Maigh Nuad, Contae Chill Dara
An bhfuil suim agat san fhocal scríofa? Ag an ócáid litríochta seo, is féidir éisteacht le file ó bhéal agus scríbhneoir cónaithe Ollscoil Mhá Nuad, Dubhán Ó Longáin, agus roinnt dánta á reic rá? aige. Anuas ar sin beidh scríbhneoir cónaithe nua ann, chun léamh a dhéanamh ar phíosa dá gcuid féin. Déanfar ceol agus damhsa ar an sean-nós a fhí isteach san ócáid. Oíche lán de scéalta agus spraoi a bheidh ann, ná caill é!
- Oíche Chultúir le Raidió na Life – Baile Átha Cliath
Tá Oíche Chultúir le Raidió na Life mar dheis do Ghaeilgeoirí teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar an oíche le ceol eicléictiúil agus filíocht ó bhéal. Beidh ardán tugtha d’ealaíontóirí ildisciplíneacha le rapálaithe, ceoltóirí hip-hop, DJ’anna agus filí ina measc. Le Cúán de Búrca x hHH, Saibhin, Torby, Cailín Lofa agus ealaíontóirí eile.
- Ceiliúradh Cultúrtha ar Oileán Béara – Contae Chorcaí
Tosóidh an tráthnóna le ‘Béara’, taispeántas ceolmhaire ag cláirseoir Tara Viscardi agus ag fliúiteadóir Robert Harvey. I ndiaidh na ceolchoirme, baileoidh an lucht féachana le haghaidh oíche scéalaíochta leis an staraí Diarmuid Ó Drisceoil ina óstac. Ná caill é!
- Oíche Amhránaíochta le Clíona Ní Ghallachóir – Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall
Caith oíche amhránaíochta agus aithris le Buaiteoir Shean-Nós na mBan 2025, Clíona Ní Ghallchóir. Beidh Clíona ag casadh amhráin, ag aithris filíochta agus ag insint scéalta i nGaeilge álainn Dhún na nGall. Beidh fáilte roimh cheoltóirí na háite a gcuid uirlisí a thabhairt leo agus a bheith páirteach san imeacht fosta más mian leo! Beidh na doirse ar oscailt don phobal i gcoitinne agus cuirfear roinnt sólaistí ar fáil chun oíche galánta a chruthú do chách.
- Oíche Dhrámaíochta in Áras na nGael – Cathrach na Gaillimhe
Amharc ar leagan den scéal ‘Teagmháil’ le Liam Ó Flathartha á chur i láthair ag Amharc Linn, Ó Conaire agus Ó Flaithearta ag déanamh agallamh beirte; agus aisteoirí ag léamh dánta agus sleachta ón dá scríbhneoir le tionlacan ceoil, idir shean-nós, cheol traidisiúnta, cheol comhaimseartha agus ceol domhanda.
- Bop Mór na Gaeltachta
Le titim na hoíche ar an 18 Meán Fhómhair, tiocfaidh claochlú ar thránna na Gaeltachta fud fad na tíre. Nascfaidh an oíche speisialta uile-Ghaeltachta seo na cladaigh agus na glúnta le chéile, beidh slabhra solais feadh chósta an Atlantaigh ó Rinn ó gCuanach sa Deisceart go hÁrainn Mhór ó thuaidh le muintir na Gaeltachta trí chéile ag steipeadaíl fé’s na réalta ar Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2026.
Is iad Ealaín na Gaeltachta agus Oireachtas na Gaeilge a thacaíonn le cuid d’imeachtaí an chláir ilghnéithigh Gaeilge.
Beidh Oíche Chultúir 2026 ar siúl Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026, agus reáchtálfar na céadta imeacht ar fud na hÉireann. Is í an Chomhairle Ealaíon a stiúrann Oíche Chultúir, i gcomhpháirt leis na húdaráis áitiúla ar fud na hÉireann, le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Moltar do dhaoine iniúchadh a dhéanamh ar an gclár, plean a dhéanamh don oíche, nó féachaint cad atá ar siúl ina gceantar féin trí chuairt a thabhairt ar www.culturenight.ie.
Lean Oíche Chultúir ar na meáin shóisialta chun nuashonruithe faoin gclár, buaicphointí áitiúla agus smaointe d’imeachtaí a fháil roimh Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair.
Bí páirteach sa chomhrá:
#CultureNight
#OícheChultúir
CÚPLA FOCAL OR JUST CURIOUS? CULTURE NIGHT INVITES EVERYONE TO EXPERIENCE THE IRISH LANGUAGE THIS SEPTEMBER
Oíche Chultúir 2026 offers a wide range of ways to experience the Irish language and culture, including live music, storytelling, literature, theatre, sean-nós, and grand celebrations on Ireland’s Gaeltacht beaches, suitable for all skill levels
Dublin, 31st August: Whether you speak Irish every day, remember a cúpla focal from school, or simply want to experience the language in a new way, Culture Night 2026 is inviting everyone to discover Irish through music, stories, performance, and celebration.
Taking place on Friday, 18 September, a vibrant programme of Irish-language and Irish cultural events will unfold in communities across the country, offering audiences an opportunity to engage with the language in relaxed, welcoming and entertaining settings.
There is no need to be a fluent speaker. Instead, audiences can hear Irish come alive through song and storytelling, enjoy traditional and contemporary music, discover Irish-language literature and theatre, or simply soak up the atmosphere alongside friends and family.
This year’s programme includes everything from intimate evenings of poetry and music to an ambitious celebration across Ireland’s Gaeltacht coastline.
Máire Ní Churraoin, Irish Language Ambassador for Culture Night, said:
“Irish belongs to all of us, and Culture Night is a wonderful opportunity to experience the language without worrying about how much or how little you speak. You might come for the music, the stories, the dancing or simply for a great night out, and find yourself connecting with Irish in a completely new way. I would especially encourage people who haven’t spoken Irish in years, or who are curious about the language, to come along. There is a place for everyone.”
Speaking recently, Minister for Culture, Communications and Sport, Patrick O’Donovan TD, said:
“Culture Night is about opening the doors to Ireland’s cultural life and giving everyone the opportunity to take part. Our Irish language is an essential part of that culture, and this year’s programme shows the extraordinary creativity, energy and enjoyment that surrounds it. Whether someone is a fluent speaker, has a few words of Irish or is encountering the language afresh, I hope they will feel welcome to come along, participate and experience these events for themselves.”
Among the events taking place on Oíche Chultúir 2026 are:
- Spleodar in Óir – Co. Clare: An evening of music, song and literature featuring singer and musician Pádraig Ó Cléirigh, percussionist Shearie Fean and writer Ré Ó Laighléis. Audience participation will be part of the fun, with song choruses provided so everyone can join in.
- Oíche Litríochta agus Cheoil – Maynooth, Co. Kildare: Spoken-word poet and Maynooth University Writer-in-Residence Dubhán Ó Longáin will share his work alongside the university’s new Writer-in-Residence, with traditional music and sean-nós dancing woven throughout the evening.
- Oíche Chultúir le Raidió na Life – Dublin: This Culture Night, Raidió na Life presents a special evening of live music, poetry, spoken word, and DJ sets celebrating the Irish-language community in the heart of Dublin city. Bringing together an exciting mix of multidisciplinary artists, the programme features rappers, hip-hop performers, DJs, poets, and musicians.
- A Cultural Celebration on Bere Island – Co. Cork: Harpist Tara Viscardi and flautist Robert Harvey will perform Béara, a programme inspired by the landscapes, stories and traditions of the Beara Peninsula. The concert will be followed by storytelling hosted by historian Diarmuid Ó Drisceoil, with food, conversation and community at the heart of the celebration.
- An Evening of Song with Clíona Ní Ghallchóir – Letterkenny, Co. Donegal: The 2025 Women’s Sean-Nós Champion will perform songs, poetry and stories in Donegal Irish, with local musicians also invited to bring an instrument and join in.
- A Night of Theatre at Áras na nGael – Galway City: Irish-language theatre, literature and music come together in a celebration of writers Liam Ó Flaithearta and Pádraic Ó Conaire, featuring performance, readings and a lively mix of sean-nós, traditional, contemporary and world music.
- Bop Mór na Gaeltachta – Culture Night will also see the Gaeltacht coastline transformed for Bop Mór na Gaeltachta, an ambitious celebration connecting communities from An Rinn in Waterford to Árainn Mhór in Donegal.
The diverse Irish-language programme includes events supported by Ealaín na Gaeltachta and by Oireachtas na Gaeilge.
Culture Night 2026 takes place on Friday, 18 September 2026, with hundreds of events taking place across Ireland. The event is stewarded by the Arts Council in partnership with local authorities across Ireland, with support from the Department of Culture, Communications and Sport.